School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 136
  3. XML “Gabha na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feilméar in Éirinn fadó agus ní raibh aige acht aon mac amháin. Ní raibh sé sásta go gcurtaoí an mac seo le céird. Thug sé ar an aonach é agus sé an chéad fear a chas leis ná Gabha na gCleas. Shocruigh sé, leis an mac a thabhairt dhó go ceann lá is bliadhain acht bhain sé gealladh dhe é thabhairt ar ais. Nuair a bhí an lá is bliadhain thuas thug gabha na gcleas ag an fheilmeóiran mac agus bhí aon dhuine dhéag eile in éinfeacht leis. Chuadar ag déanaimh a gcuid cleis nuair a bhí an suipéar thart aca. Dubhairt an feilmeóir gurbh é a mhac fhéin an duine do b'fearr aca. D'iarr an gabha air é leigint leis go ceann lá is bliadhain eile agus go mbéadh sé níos fearr ná é fhéin. Leig sé leis é acht dubhairt sé leis é a thabhairt ar ais arís. Nuair a bhí an lá is bliadhain thuas ní raibh an mac ag tigheacht agus bhí an-imnidhe ar an bhfeilmeóir. D'imthigh sé ag tóraidheacht a mhic. Bhí an domhain ar fad siubhalta aige ag toraidheacht an ghaibh go dtí ar deire go dtáinig sé chómh fada leis an ríoghacht a raibh sé. Bhí sé ag cinnt air a theach a fhágail mar bhí sé faoí draoidheacht. Casadh spealadóir air agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Conghailligh
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway