School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 061
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche Féil Bríghde a bhi ann agus bhí Rafterí an File ar cuairt i dteach i gCár Mór in aice le Gaillimh. Chuaidh muinntir an tighe amach ar cuairt go teach comhursana agus d’fág siad Rafterí leis fhéin istigh le aire a thabhairt do’n teach. Chuir sé an bolta ar an doras agus shuidh sé síos cois teine.
    Ní raibh sé i bhfad ann nó gur tháinig fear as an mbaile agus bhuail sé ar an doras. “Cé tá annsin?” adeir Rafterí. “Bláth na Bealtaine” arsan fear ag magadh. “Ní tús an domhain é ná deire na díle, is Bláth na Bealtaine ag tigheacht faoí Féil Bríghde” arsa Rafterí agus chuaidh an fear abhaile mar bhí fhios aige nach mbéadh sé in ann cainnt a chóimead le Rafterí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cadhain
    Gender
    Female
    Age
    12
    Informant
    Pádraic Ó Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Park, Co. Galway