School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain

Filter stories

Back
/ 154 Forward
Resolution: Low | High
Scéal faoi Dhónall Ó Conaill

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí Lord mór i mBláth Cliath agus chuir a bhean píosa antraide dá dhéanamh le adhbhar léinteacha don’n Lord, nach raibh a leithid le fághail. Chuir an Lord an cóistóir ag coinnigh chuig an fíghadóir é. Nuair a bhí an cóstóir ag dul abhaile bhí sé ag dul thar a theach féin agus chuaidh sé isteach. Dubhairt a mbean leis go mbainfidh sé adhbhar léine de’n antraid a bhí aige. Dubhairt a cóstóir léi gan a bhaint má bhí an t-ádh uirthe. Bhain sí adhbhar dhá léine de’n píosa antraide i ngan fhios do’n Cóstóir. Rinne sí léine do’n Cóstóir. Nuair a chuaidh sé istigh san yard casadh bean a’ Lord air agus thug sí fá ndeara a léine a bhí air.
Chuir sé fios ar na “Peelers” agus tógadh an costóir. Cuireadh isteach sa bpríosún é go dtí lá na cúirte. Chuaidh bean a’ Cóstóir go dtí Dómhnaill Ó Chonnaill agus dubhairt sí leis an rud a d’éirigh. Dubhairt D. Ó’Chonaill go gcrochfadh an Cóstóir muna raibh adhbhar dhá léine aice. “Imthigh anois” arsa D. Ó Chonaill “agus déan léine eile damh-sa.” Lá na cúirte cuireadh léine an Lord agus léine an Cóstóir le chéile agus dubairt

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Cadhain
Gender
female
Age
12
Address
Athenry, Co. Galway
Informant
Pádraic Ó Bhreathnach
Gender
male
Age
68
Address
Park, Co. Galway
Language
Irish