School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí fear bocht ag dul thart ag tóireacht déirce. Chuir sé isteach ar an dteach seo ag tóireacht lóistín le linn na h-oidhche. Ní bhéarfadh siad an lóistín dó agus dubhairt sé “Céard a dhéanfaidh mé chor ar bith, beidh mé amuigh go maidin.” D’iarr sé ar fear an tighe cá bhfuigheadh sé a lóistín. Chuaidh fear an tighe amach agus theasbán sé Teach Mór a’ Chnuic dó. Chuaidh an fear bocht isteach i dTeach Mór a’ Chnuic agus bhí na céadta daoine istigh ann. Ní raibh fear ná bean sa teach ’nar iarr air cé chaoí bhfuil sé, a ainm agus a chómhnuidhe. Fuair sé suipéir breágh agus bhí ith agus ól ann. D’iarr siad air cé cur annsin é. “Chuir fear as ‘Leagtha Beag’ annseo mé” ar seisean. “Téigh go dtí an teach sin arís amárach agus beidh sgéal eile le n-innseacht acu duit” arsa na sidheóga.
Nuair a dhúisigh sé ar maidin bhí a cheann leagtha ar chloch agus gan clogann ar an teach. Smaoineamh sé ar na rudaí adubhairt na sidheóga leis agus chuaidh sé go Leagtha Beag agus bhí fear an tighe ag feannadh an bó is fearr(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Athenry, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Ó Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Park, Co. Galway