School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain

Filter stories

Back
/ 154 Forward
Resolution: Low | High
Cnoc Meá

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó bhí píobaire síos i gCnuic Mágh. Bhí cailín óg darbh ainm Miss Cirón i gCaisleán Naicéad. Buaileadh suas tinn í agus ní raibh aon dochtúr i Sasana ná Éire a fhéadfadh í a leigheas. Bhí an píobaire seo ag dul abhaile thar-éis a bheith ag seinm ceól nuair a casadh sidheóg leis ar an mbealach. Dubhairt an sidheóg leis dá ndéanfadh sé an rud a déarfadh sé fhéin leis go mbéadh sé in ann an cailín a leigheas. “Ach anois” ars an sidheóg “nuair a leigheasfaidh tú an cailín sin gheobhfaidh tú a lán airgid agus beidh ort cuid de a thabhairt domh-sa.” D’innis sé dó an chaoí a leigheasfadh sé í. Dubhairt sé leis an clogann a bhaint den gcailín agus é a chur síos i bpota uisge bog. Nuair a tháinig sé isteach ’san dteach bhí na daoine ar tí é a caitheadh leis an ngunna acht sa deire tugadh isteach é agus isteach ’san seómra ina raibh an bean óg. Níor fhág sé duine ar bith ’san seómra acht é féin agus an cailín a bhí tinn. Bhain sé an clogann díthe agus chuimil sé an buidéal a thug an sidheóg dó air agus chuir sé an

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Cadhain
Gender
female
Age
12
Informant
Pádraic Ó Breathnach
Gender
male
Age
68
Address
Park, Co. Galway
Language
Irish