School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 045
  3. XML “Scéalta”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí Gobán Saor in Éireann fadó, agus bhí mach aige.

    Bhí gobán saor in Éirinn fadó, agus bhí mach aige. Lá amháin fuair sé teactra ó Rí Shasana ag glaodach air teacht go Sasana agus caisleán a chuir suas dhó féin, mar chuala sé go raibh an gobán in ann tighthe deasa a dhéanamh.
    An lá ar na bhárach chuaid an gobán agus a mhach go Sasana. Nuair a chuaid siad go dtí an Ríogh chuir sé fáilte rómhar agus dubhairt sé leis caisleán a dhéanamh i dtreo nach mbeadh aon caisleán eile sa domhan chomh áluinn leis.
    Thosuig an gobán agus a mhach ag an obair agus i gceann trí seachtmhaine, bhí caisleán breágh dhéanta aige. Acht annsin do chuala an gobán go raibh an Rí ar tí iad a mharbhú i dtreo nach mbeadh siad in ann aon caisleán eile a chur suas chomh dheas lé’n a caisleán féin. Do an gobán go dtí an Rí agus dubhairt sé go raibh an caisleán déanta aige acht píosa amháin agus nach feidir lei an píosa sin a chur suas gan casúr a bhí aige sa mbhaile agus go gcuireadh sé a mhach féin abhaile chun an casúr a fhághail. Acht dubhairt an Rí go gcuir sé a mhach féin abhaile chun an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.