School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an baile ar aghaidh gach lá go dtí an 14ad aois nuair a bhí 1200 de dhaoine ag maireachtan go suthach sághach ann. Taobh theas de’n bhaile tá sean-fhothrach, Mainistear Naoimh Dominic, le feiceál. B’é Myler De Birmingham a thóg an mainistear seo agus deirtear gurb’é toil Naoimh Dominic, go dtógfaidhe ’san áit sin é. Bunigheadh é sa mbliadhan 1241 ach ’sa mbliadhan 1644, chuireadh tús le oil sgoil ann.
Ach níl lá dá fhaid nach dtagann an tráthnóna agus ní ró fhada a bhí na manaigh ag déanamh an ratha ann gur chuir dún-mharbhadh Chromail isteach ortha ’sa mblian 1257. Ba mhór an feall é gan amhras ach “fileann an feall ar an bhfeallaire” agus is dócha nach taise do’n eachtra seo, an sean fhocal sin.
Bhí mainistear Naoimh Phroinnsias an chomh maith áit ’na leigeadhh “taistalidhthe triallta an róid” a sgíth agus ’na bhfágadh siad bidh in aisge ó na manaigh. Tá an Eaglais Protastúnach tógtha in a ionad anois óir gurb’í an bainríoghan Eilís a chreach é ’sa mblian 1577. Taobh thoir de’n mbaile tá Caisleán Myler De Birmingham in a seasamh go maordha fós. Ceaptar go raibh dún ’san áit sin roimhe ach pé scéal é tá cuma mí-(continues on next page)- Collector
- Fionnuala Ní Chatáin
- Gender
- Female
- Address
- Athenry, Co. Galway