School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 040
  3. XML “An Áit is Stairiúla i Mo Chúige Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl condae in Éirinn thoir thuaidh nó thiar theas nach bhfuil stair ag baint leis ach sáruigheann mo chondae féin iad uilig. Admhuigheann gach aoinne nach bhfuil áit is feárr a thaithneann leis ná a bhaile duthchais féin agus mar sin tógfaidh mé m’áit chómhnuidhe féin Baile Átha an Ríogh, mar an áit is scaireamhla.
    le cruthú nach bhfuil ach lom clár na fírinne ’san méid atá ráidhte agam níl ar aoinne ach breathnú air. Chuadh sé sean-fhothraca go fluirseach ann, chifidh sé páirc an áir agus a lán lán eile iarsmaí de’n tsean aimsir. Roimh an bhlian 1211 AD ní raibh i mBlá’n Ríogh ach áth ar an dteórainn d’Uibh Máine, ach ’sa mblian sin thóg an Rí Seán, baile mór ann agus sa tslighe sin bhi deis aige na treabhanna fiadháine i gConnachta a chur faoi smacht. Thóg sé balla mór thar timcheall air agus taobh amuigh de sin arís bhí díog in a snígheadh Abha an Chláirín. Tá iarsmaí de’n díog seo le feicéal fós agus sé gheata móra a bhí ’san mballa. An chéad cheann Geata Bhreathnach, Geata Larabha, Geata An Spidéil, Geata Niocail Ruaidhe, Geata An Caisleáin, Geata An Teampaill.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Fionnuala Ní Chatáin
    Gender
    Female
    Address
    Athenry, Co. Galway