School: Carnán (roll number 14031)
- Location:
- Carnaun, Co. Galway
- Teacher: Tadhg Ó Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carnán
- XML Page 030
- XML “Scéal Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Beannuighthe.
Bhí Mac Dé agus a dhá apstail déag ag siubhal thart lá. Tháinig siad go dtí teach in a raibh ceól agus damhsa. Bhí siad ag siubhal go dtáinig siad suas le teach eile agus bhí fear caillte san teach sin. Bhí muinntir an tíghe ag caoineachán agus dubhairt Naomh Peadar le Mac Dé go mb'aisteach an rud damhsa a bheith san teach sin thall agus fear caillte san teach seo.
Dubhairt Mac Dé le Peadar "Sin é an caoi leis an saoghal mar ní airigheann fear trioblóid fear eile".
Taréis tamaill tháinig siad suas le fear agus bhí sé ina luighe ar an mbóthar agus bhí sé marbh. Dubhairt Mac Dé le Naomh Peadar a phóca a chuartú. Bhí airgead aige agus dubhairt Mac Dé leis an t-airgead a fághail annsin.
Nuair a shiubhail Peadar píosa indiaidh na h-apstail shantuigh sé an t-airgead agus d'fhill sé ar ais. Bhain Mac Dé an t-airgead uaidh agus chaith sé amach sa bhfairrge é. Dubhairt Mac Dé go bfágfadh sé sin gach duine a thagfadh ina dhiaidh sanntach.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cóisthealbh
- Gender
- Female
- Address
- Glenmore, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Cóisthealbh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glenmore, Co. Galway