School: Carnán (roll number 14031)

Location:
Carnaun, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Riagáin

Filter stories

Back
/ 038 Forward
Resolution: Low | High
(no title)

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(no title)

Deir sean-mhuinntir liom go raibh teach mór i gCathair-Tighe-Mhóir bliadhanta fada ó shoin.

Deir sean-mhuinntir liom go raibh teach mór igCathair-Tighe-Mhóir bliadhanta fada ó shoin. Tuairim is dhá chéad bliadhain ó shoin bhí sé in a sheasam. Sé an comhartha atá ag na daoine ins an áit a raibh an teach tá dhá leacht mór cloch ann anois. Chomh fada le mo thuairim "Brown" a bhí in a chomhnuidhe ann.

Nuair a d'imtigh "Brown" cheannuigh "Meldon" an talamh agus annsin rinne sé teach beag ann. Chuir sé seipirí ina chomhnuidhe ann agus "McManus" a b'ainm dó.
Tá caisleán déanta ar dhuthchaí Cill Sgeiche inaice le teorna talmhan seo againne. Bhí fear ina chomhnuidhe ann sa tsean-aimsear agus deir sean-mhuinntir liom gur Séan Ó Ruairc an t-ainm a bhí air. Bhí leat-chéad tionnótaí aige. Chuir sé amach iad as na tíghthe lá na Nodlag beag agus in dhiaidh sin fuair sé féin agus a mhuinntir bás.

Collector
Máire Ní Cóisthealbh
Gender
female
Address
Glenmore, Co. Galway
Informant
Séamus Ó Cóisthealbh
Relation
parent
Gender
male
Age
50
Occupation
feirmeoir
Address
Glenmore, Co. Galway
Language
Irish