School: Carnán (roll number 14031)

Location:
Carnaun, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Riagáin

Filter stories

Back
/ 038 Forward
Resolution: Low | High
Aimsir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aimsir
Ins an nGeimhreadh nuair a bhíos an spéir dearg sin comhartha aimsir bhreagh agus san nGeimhreadh freisin nuair a bhíos an spéir dearg sin comhartha go mbeidh sioc ann. Má bhíonn an ghealach bun-os-cionn sin comhartha go mbeidh an aimsir an dona.
Nuair a bhíos néalta móra dubha san spéir sin comhartha báistighe Tagann go leor báistighe leis an ngaoth ó dheas. Deireann na seandaoine 'An ghaoth aduaidh bíonn sí fuar agus cuireann sí fuacht ar dhaoine'.
Má bhíonn na fainleoga ag eiteall sin comhartha báistighe agus má bhíonn na crotaighe ag sgreadach ar maidin sin comhartha báistighe agus má bhíonn siad ag sgreadach san trathnóna sin comhartha aimsir bhreagh. Nuair a bhíos an aimsir bog téigheann an ghal ó thuaidh.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Reachtuire
Gender
female
Address
Cashla, Co. Galway
Informant
Mairghéad Ní Reachtuire
Relation
parent
Gender
female
Occupation
bean feirmeora
Address
Cashla, Co. Galway
Language
Irish