School: Carnán (roll number 14031)

Location:
Carnaun, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Riagáin

Filter stories

Back
/ 038 Forward
Resolution: Low | High
Folachán

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá sgeach mhór inaice an tighe seo againne. Sgeach léim saighdiúra a tugtar ar an sgeich seo agus ta sé ráidhte go bhfuil ór curtha fúithi. Na fir bolg a chuir an t-ór i bhfalach agus bheadh faitchíos ar na daoine aon bhaint bheith aca leis an ór sin.

Tá clais mór i bpáirc inaice an tighe agus tá árdán in a lár. Tá sé ráidhte gur troideadh cath thart ar an áit sin agus gur cuireadh na saighdiúirí san áit sin. Tá sé ráidhte freisin go bhfuil ór san áit sin agus tá an áit clúduighthe le aiteann agus tá coiníní in a gcomhnuidhe ins an áit.

Collector
Máire Ní Reachtuire
Gender
female
Address
Cashla, Co. Galway
Informant
Tomás Ó Reachtuire
Relation
parent
Gender
male
Age
circa 60
Occupation
feirmeoir
Address
Cashla, Co. Galway
Language
Irish