School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 078

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 078

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 078
  3. XML “Scéal - Píobaire an Aon Phoirt agus Finnbhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    óg inghean an rí ag fághail bháis." "Togha doctúra mise" adeir Finnbhar. "Is maith mar a thárla" adeir an searbhfóghanta. "Is tú atá ag teastail go díreac. Chuiadh sé go dtí an rí agus dúbhairt sé go raibh árd doctúir ag an doras. Tháinig an an rín agus chur sé fáilte mhór rómpa agus d'fiafruigh Finnbhar dhe céard thabarfhad sé dó as uct a inghean a leigheas. Dúbhairt an rí go dtabharfhad sé rud ar bith a bhí ar a chumas, rud ar bith d'fiafrócadh sé. "Trí chéad punta mar sin" adeir Finnbhar. Isteac leo annsin agus d'orduight Finnbhar pota a chur síos agus a fiocadh. chuaidh sé go dtí an seómra áit a raibh an bhean tinn annsin agus d'athruigh sé sa leabaidh í, áit a raibh a cean chuir sé a cosa mar bhí sé ag déanamh amac go raibh an bás ag a ceann agus nuair a d'athruigh sé í ní raibh sé ag a ceann chor ar bith acht ag a cosa. D'orduigh sé an pota uisge fiuchta a thabhairt aige annsin. Bhain s]e an ceann den bhean tinn. Thom sé síos san bpota uisge fiuchta é agus sgól sé é agus an dara tumadh thug sé dó thóg sé aníos é chomh craos chomh dearg le fuil agus an tríomadh tumadh thug sé dó, chuir sé ar an gcolainn é, agus é ag cur monógaí alluis agus d'írigh sí aniar sa leabaidh agus glaodh Finnbhar aniar ar a h-athair agus ar a máthair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT0332: Godfather Death
    AT0753: Christ and the Smith
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway