School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 070

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 070
  3. XML “Triúr Mac an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Triúr Mac an Rí.
    bhí rí ann fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí an t'athair agus iad féin lá ar an mbán taobh amuigh d'en teach nuair connaiceadar an t'éan badh deise dá bfaca súil duine ariamh ag dul thart. D'iarr an mac is sine cead ar a athair an t'éan a leanact féacaint a bhféadfad sé é mharbhú. Dúbhairt an t'athair leis imtheacht agus thug sé leis a gunna agus d'imthigh leis i ndiaidn an éin. Chaith sé an lá ar fad dhá tóruigheacht acht chinn air é fhághail nuair b'árd dó sin b'iseal d'on éan agus nuair b'íseal dó sin b'árd d'on éan agus b'éigin dó theact abhaile trathnóna agus é trom tuirseac. Lár na bhárac bhí an t'athair agus an triúr taobh amuigh arís nuair d'imthigh an t'éan thart agus lean an darna mac é act badh é an sgéal céadhna é tháining sé abhaile le tuitim na h-oidhche agus gan aon tuairisc aige ar an éan. Lár na bhárac nuair abhí an ceathrar taobh amuigh d'en teac arís connaic siad an t'éan ag eitilt thart agus d'iarr an mac b'óige cead ar a athair dhul dá tóruigheacht agus fuair sé an cead sin. Thug sé leis a gunna agus lean sé an t'éan acht ag teacht trathnóna nuair a chí sé a ceapadh go raibh sé i ngreim ann d'imthigh leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Bríghid de Bhailís
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Sruthán, Co. Galway
    Informant
    Miceál Mac Donnchada
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Sruthán, Co. Galway