School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 054
  3. XML “Miceál Riabhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí mach amháin aige an uair sin Pádraic Mícil Riabaigh a tugtaí air, agus bhí sé 'na fear iongantac láidir. Bhí deirbsiúr aige agus bhí sé ráidhte go raibh sí 'na sídheóg. Níor chorraigh sí as an leabaidh ariamh acht bhítí ag tabhairt lídh aice ar an leabaidh.
    Nuair chuirtí biadh aice, pláta leitean nó pér bith biadh a bhíod aca sciobadh sí leí an pláta, cuireadh sí an pluid ar a cloigeann agus d'ítheadh sí an biadh. Bhí muirigean de na Póinn 'na gcomhnuidhe in Eócaill an t'am sin agus bhí mór sheisear mac ann. Tháinig siad anoir oidhche amháin agus d'fuadaigeadar bean - de mhuinntear Póill freisin í - as Eoghanacht agus thugadar leó soir go h-Eochaill í. Níon leig an faithcíos dí muinntear na mná aon cheist a chur ortha bhíodar chomh h-iongantac láidir oilbhéasac sin acht fuair Pádhraic Michil Riabhaigh tuairisc air agus bhí gaol aige sin le Póill Eóghanachta agus chuaidh sé de siubhal oidhche go dtí teac na bPóill in Eochaill agus d'orduigh sé dóibh an bean a chur ar ais ag a muinntear. Thoisigh siad ar Phádhraic agus thosuigh seisean ortha. Rug cuid aca air agus fuair duine dhíoch corrán agus thosuigh sé dhá oibriú ar muinéal Phádraic. Chuir sé deis uathbhásac air leis an gcorrán acht creidim nár gearr sé an piobán amac is amac acht ar chaoi ar bith thug Pádraic na cosa leis agus thug sé leis an bean freisin gan buidheacas don mhór
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ni Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Seainín Tam Ó Direáin
    Gender
    Female
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. Galway