School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 041
  3. XML “Fíogach ná Freangach nár Fhagaidh siad!”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bungabhla nuair a bhíodh lucht de na fiagaigh tógtha aca. Agus d'fhágaidís ag a gcuid ban le glanadh iad agus d'imthighidís ag iarradh luchta eile. Thugadh a gcuid ban a mbéilidhe siar aca ar an gcladac leisge bheith ag cur ama amúgha. Bhí fuireann cúpla currach díobh ag teacht i dtír an lá seo nuair chonnaiceadar an sagart ag teacht agus bhí fhios aca go maith dá bhfuighead sé greim ortha go mbeadh an lá amú ortha; dheamhain blas a rinneadar acht teacht i dtír in áit eile ar sórt dúirlinge a bhí ó dheas d'en cladac ar a dtugann siad "Bealach Ábram" agus a lucht a chur a mac ann agus greadadh leo arís. Amac leis na curracaí eile uilig nuair fuagruigeadh go raibh an sagart sa gcladac. Tháinig seisean go dtí an áit a raibh na mná ag glanadh an éisg agus d'fiafruigh sé díobh cá raibh na h-iasgairí. Dubhradh leis go rabadar ag marbhú fiagach. "Fiagach ná Freangac nár fhaghaidh siad go malairt aimsire" adeir sé mar bhí fhios aige go maith gur ag imirt air a bhíodar. D'imthigh leis annsin abhaile. A shliocht ortha deamhain fiagach a mharbhuigh aon duine d'en dream sin uaidh sin amach agus ní raibh ceann le fághail níos goire ná "Gleann an Chárnáin" marc talman atá idir Ceann Golamh agus Árainn. Creidim go raibh sé dhá mhí 'na dhiaidh sin nuair a bhí an sagart céadna ar faoisidíníbh ar an mbaile i mBungabhla. Nuair a bhí na faoisidíní agus cuile sórt thart d'fiafruigh sé de duine eicint de muinntear an bhaile a rabharda ag marbhú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Maireád Bean Uí Thuathail
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Creig an Chéirín, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Flaithbheartaigh
    Other names
    Séamus Ó Flaithbheartaigh
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway