School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 040
  3. XML “Fíogach ná Freangach nár Fhagaidh siad!”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Fiagach ná Freangach nár Fhághaid siad"!
    Bhí sagart parráiste annseo tuairim deich mblian agus trí fichead ó soin agus bhí sé ag tógáil dhá teac scoile ceann i gCillrónáin agus ceann i bhFearann an Choirce. Tá na tighthe sin ann fós ait rinneadh scoileanna nuadha ó shoin. Bhíodh cuimse raic ag tigheacht an uair sin - bhí soithigh go leór dhá raiceáil agus bhíod saltracaí ag teacht i dtír i chuile chladach i n-Árainn acht go spesialta i mBungabhla. Saltracha pene deirg is mó a bhíod ionnta agus badh bhreágh an t-adhmad é. Bhíod an sagart ag iarradh cuid díobh fághail le h-aghaid na tighthe scoile seo agus is minic a theighead sé go Bungabhla agus bhailighead sé muinntir an bhaile sin agus muinntir Creigicéirín le chéile go gcuirfidís cuid de na saltracaib a bhíodh tógtha aca i bhfairrge go dtiubharfad bád timcheall go Cillrónáin iad. Chuaidh sé siar an lá seo per bith sgéal é agus fir an dá baile thiar chuile duine aca a raibh sé de rath ortha ag iasgach -ag marbhú feagac a bhíodar: mharbuigidís an-cuimse fiagac san am sin agus bhídís a' leaghadh na n'éaba le ola fhághail le h-aghaidh soluis agus le h-aghaidh bealaid olna. Ní bhíodh d'annlan leis na fataí aca féin acht na fiagaigh mar tar éis go mbídís ag marbhú éisg eile is dá dhíol a bhídis agus coingbídis na fiagaigh le h-aghaid a n-usáide féin. Pér bith sgéal é an lá seo bhíodar an-cruadhógach agus sén caoi a thigidís i dtír i gcladac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Maireád Bean Uí Thuathail
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Creig an Chéirín, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Flaithbheartaigh
    Other names
    Séamus Ó Flaithbheartaigh
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway