School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 034
  3. XML “Píolótaí na hÁite seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Píolóitidhe na h-áite seo
    Bhíodh soithigh ag tigheact an-fairsing fadó go Gaillimh; soithigh seóil uilig - acht chuadar in deireadh go mór timcheall dhá fhichead bliadain ó soin nó mar sin. Badh bhreágh na soithigh iad agus badh deas an feic iad, scúnaerí, barcanna, longa a mbíodh seacht seól fichead ortha, brigeanna dhá chrann, sé seól ar chaon chrann ag seóldadh aniar thar an Oileán Iartharac agus a gcuid seólta crochta uilig. Bhí neart píolóitidhe san áit seo an t'am sin. Triúr no ceathrar sna bailtibh seo agus bhíodh coimhlinnt géar eatorra ag dul go dtí na soithigh. Bhí iallac ortha píolóitídhe a thógáil ó tiocfaide taobh istigh den Oileán Iartharach acht dá n'eirighead leó dhul thar Árainn san oidhche, óir is minic a théigheadh, bheadh píolóite beárna rómpa ar maidin go dtiubharfad sé ar ród na Gaillimhe iad. Cuala mé sean fhear a rádh a bhí ar bórd soithigh lá, brig a bhí innte, agus bhí an lá an-breágh. Ceangluigheadar an currach d'en soitheach, bhí sé 'na chalm, agus chuadar isteach sa soitheach ag breathnú uirthe. Ní raibh an caiptín acht bliadhain is fiche agus badh é an fear bádh bhreághtha a leagadar súil ariamh air é, gan onóir gan postamhlacht. Bhí an-fháilte ag an gcaiptín rómpa, thug sé íthe agus ól dóibh agus d'fiafruigh sé díobh an raibh aon phiolóitidhe eile san áit. Dubhradar-san go raibh agus triúr eile. Dúbhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ni Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Seánín Taim Ó Direáin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. Galway