School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 027
  3. XML “Gadracha Maoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gadracha Maoil.
    Chuile dhuine a bhíodh ag feamainniú le capall fadó bhíodh gad maol aige. Rópa timceáll orlach is ceathrama é an gad maoil déanta de fíonach chapaill. Fíonach as iorball nó as muing an chapaill, acht b'feárr fíonach bhromaigh ná fionach sean-chapaill. Bhíodh an gad maoil ceangailte ar áis an chléibh agus tugtar suas agus treasna an ualaigh feamuinne é, agus ceangailtí i dtosach an chléibh eile é ar phíosa de mhaide ar a dtugtar "staic" no "fiacail" le é fháisgeadh. Ní dhéanfhadh rópa ar bith eile an gnó mar nuair ghabhfhadh ramallaigh na feamuinne ar an fópa níorbh féidir aon ghréim a coingbheál air le é fháisgeadh agus nór b'fhéidir é scaoilieadh arís. D'imtheochadh an fheamainn amach ó rópa ar bith eile freisin go mhór mhór nuair bhead feamainn sleamhain ann tar éis a bheith dó nó trí de laethantaibh sa gcladach.
    Sé an chaoi a leigtí an gad maol mar leigtí súgáin acht gur casadh tuaithbheal a déantai ar dtús; annsin nuair cheapfaidhe go raibh an ghad mhaoil sáthach fada, déanfaidhe búrla amháin de agus tarraingtí faoi chosaibh duine é agus chuirtí a cheann sa gcorr arís agus déantai é casadh deiseal. Bhíodh naoi bhfead sa ngad maol ar dtús sa gcéad leigint; Déantai dhá leith de seo annsin agus castai ar a chéile iad sin. Déantaí trí chuid de annsin agus cuirtí na trí dual 'un a chéile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Flannagáin
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Creig an Chéirín, Co. Galway
    Informant
    Seáinín Taim Ó Direáin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Creig an Chéirín, Co. Galway