School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 020
  3. XML “Seanghnása na Tíre seo insan tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean gnása na tíre seo ins an t'sean aimsir.
    Cuairdaigeacht ag a chéile san nGeimhridh, fiannaidheacht sgaithtí gabhail fuinn sgaithtí agus píose de'n oidhche ag déanamh cleasraca agus badh sultmhar an rud a bheith ag éisteacht leis na sean-daoinibh ag cur síos ar a gcuid gníomhartha agus ag déanamh gaisce. Buel amac i nDeireadh Fóghmhar agus tús Geimhridh nuair a bhíodh an méid cur a bhíodh acu sábhailte itir fataí agus arbhar agus an méid lín a d'fásfhadh dhóibh, sé an cruadh-iúis is mó a bíodh orra annsin, áirneán ag obair ar an lín. An déad cuid de, an lín a chur ar bogadh i n-uisce. Nuair a ceapfaidís é a bheith sáthach bogáithe annsin é thógáil agus é thriomú. An méid congnamh cailíní óga a bheadh sa teac theighidís dá shlisneáil. An méid fir óga a bheadh sa teach annsin cuiridís an siostal ar cuild giobóg dhe agus bhainidís an barrac d'en lín. An méid lín a bheadh annsin ann é a chur ar an tlú gairmint go n-oscluigeadh na mná amac annsin é agus go sníomhaidís é leis an túirne lín. Bhainidís dá chindál snáth as; an togha, annsin an chuid a b'feárr dhe, bhí sé acu le éadac, ticeanna leabthan, éadaigh buird agus tuabhaillí. Bhí deis ins an seól ag na figheadóirí a bhí i ndon an obair sin a dhéanamh acht níl aon blas des na rudaí sin ag na figheadóirí atá ann faoi láthair. And dara totha den snáith annsin, le doruigheannta [iasguc] chaoi ar bith ar mian leó iead a leiginn caol no reamar agua an tríomhadh rogha d'en t'snáth bhí sé aca le eangaca, na mná a bhí ag sníomh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway