School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fuagairt "Seainín ag dul ar neamh." Bhí sean fhear ag dul thart agus chuala sé Seáinín agus dubhairt sé leis é féin a chur sa mála in áit Sheáinín ionnas go rachad sé ar neamh. Isteach leis sa mála agus cheangail Seáinín an ruadhóg air agus dimthigh leis féin. Nuair a tháinic na ceannaidhthe amach thugadar leó an mála agus bháthadar an sean fhear bocht ag ceapadh gurb é Seáinín a bhín ann. Nuair a bhíodar ag teacht ar ais casadh Seáinín dóib agus leath scór beithidhigh aige. D'fiafraigh siad de cá bhfuair sé iad agus dubhairt seisean gur ar neamh agus dorduight siad dó iad féin a chur ar neamh. Chuir sé an bheirt aca i mála agus chaith sé leis an aill iad gur báithead iad. Mhair sé go saidhbhir uaid sin amach.
Máire Ní Dhioráin, Sruthán Árainn a scríobh an scéal seo. Bhé sé scríobtha amach ó bhéal aithris Sheáin Uí Thuathail (65) ag gasúr scoile eile. Is ón scríbhinn sin a scríobh sise síos annseo é.- Collector
- Máire Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Address
- Sruthán, Co. Galway
- Informant
- Seáin Uí Thuathail
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Creig an Chéirín, Co. Galway