School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 014
  3. XML “Scoileanna a Bhí ann Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    freisin acht ní "sums" mar tá anois ann acht "Subtraction". Marbhóchadh sé muid dá labhruigeadh muid aon fhocal Gaedilge agus bhíod sé ag casaoid le na muinntear orainn. Bhíodh muid ann píosa maith den lá agus bhíodh muid stiúctha leis an ocras. Tá’s agama aon lá amháin gur chuir an bhaintreabhach síos bácús fatai agus leag sí again iad. Bhí cailín mór amháin ann a bhí níos láidre ná an chuid eile again agus badh mhór liomsa a raibh sí ag ithe de na fataibh agus chaith mé fata léi agus bhuail mé sa tsúil í. Thug an máighistir leath mharbhadh orm agus níor thaobhuigh mé é uaidh sin amach. Tá tighthe eile annseo anois agus rinneadh le h-aghaidh tigthe scoile iad sul mar rinneadh an scoil náisiúnta annseo. Bhí scoil I gCillrónáin agus I bFearann an Choirce deich mbliadhna fichead sul rinneadh aon scoil sa gceanntar seo acht na scoileanna seo ins na tigthibh a bhfuil mé ag cainnt ortha. Bhí scoil eile ann in Eóghanacht níos deireannaighe ná sin. “Ó Scannláin” a bhí ar an máighistir a bhí ag múineadh annsin. Bhíod leabhra beaga Béarla ag na gasúiribh aige sin acht sé an sagart parráiste a thugad dóib iad. Bhí corr “slate” aca freisin agus bhíod sé ag múineadh scríobhnóireacht, léightheóireacht agus “Sums” dóib. Sílim gur “Muimhneach” a bhí I Scannláin. Bhí an “Land League” ag tosuighe annseo an tam sin agus bhíod cruinneál corr uair ag na daoinibh i gCillrónáin agus bhíod an sagart ann. Bhíod Scannláin ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhioráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Informant
    Seánín Taim Ó Direáin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. Galway