School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Onaght, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin

Filter stories

Back
/ 084 Forward
Resolution: Low | High
Scoileanna a Bhí ann Fadó

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí mise ag dul seachtmhain eicint ag scoil is ceart dó bheith trí fichead bliadhain ó shoin. I dteach den bhaile sa Sruthán a bhí an scoil. Baintreabhach a bhí na comhnuidhe léí féin sa teach. Bhí cistineach agus seomra ann agus chuaidh sé féin don tseomra agus dfhág sí an chistineach ag an máighistir. Bhíodh sé ag fagháil cupla pininn eicint sa tseachtmhain mar chíos acht níl fhios agam áithrid cé mhéid. 'Seán a Chóta' an leas ainm a bhí ar an máighistir mar bhíodh cóta mór diabhalta air i gcomhnuidhe acht bhí dath glas air le aois. Sílim gur de mhuinntear Clann Dhonnchadha é. Bhí sé in aois go mór nuair chonnaic mise é. Ní bhíodh leabhar ar bith againn ná slinn ná tada acht bhíodh píosaí páipéar aige san agus bhíodh sé ag múineadh dúinn le bheith ag scríobhadh. Bhíodh leabhra ar deireadh ag cuid againn. Leabhra a thugadh an sagart parráiste uaidh. Scilling sa ráithe a bhiodh orainn íoc agus bhíodh an máighistir ag imtheacht ó theach go teach dá bheathú féin. Ní raibh cathaoir ná stól ná binnse sa teach acht muid na suidhe síos ar chúpla pleannc leagtha ar clochaibh chois an bhalla agus an máighistir i lár báire agus a dhruim leis an teinidh nuair bhíodh aon deine ann. Ní raibh ag dul ann acht timcheall chúig dhuine dhéag againn. Bhíodh sé ag léigheamh leabhar bheag agus chaitfeadh muide é rádh na dhiaidh agus Bíodh sé ag cur "Spellings" orainn fresin. Bhíodh "Sums" againn

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhioráin
Gender
female
Age
16
Informant
Seánín Taim Ó Direáin
Gender
male
Age
66
Occupation
feirmeoir
Occupation
iascaire
Address
Sruffaun, Co. Galway
Language
Irish