School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 004
  3. XML “Tiarna Bhinn Éadain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ngréasaidhe. "Céard atá tú ag dul ag déanamh" arsa an gréasaidhe le Tighearna Bhínn Éadainn. "An gceapann tú go leigfidh mise m'inghean leat chomh fuar ná chomh folamh sin". Gabh i leith annseo a inghean ar sé "agus suidh síos ar an sgála sin". Suidh. Líon sé suas an sgála eile le airgead nó go raibh sé ar chomgh mheadhchan leis an gcailín agus annsin chur i mála é agus thug sé do Thíghearna Bhínn Éadainn é. Líon sé an scála arís le ór agus thug sé don Tighearna arís é. Ghlacadar buidheachas leis an ngréasaidhe annsin agus d'imthigh siad go dtí teach Tighearna Bhínn Éadainn. Bhí an teach aige i ngar do cladach agus bhí sé féin agus a bhean ag spaisteóireacht le taobh na fairrge lá agus casadh caiptín soithigh orra agus thug Tighearna Bhínn Éadainn go dtí 'na teach é agus thug sé dinnéar maith dó. Nuair a bhín an caiptín ag imtheacht dúbhairt sé gur gearr go dtiocfadh sé arís agus dúbhairt sé go gcaithfeadh sé an Tighearna agus a bhean a theacht ar bórd ionas go gcúiteóchadh dé an dinnéar leó. Nuair a chuaidh an Caiptáin ag an luing dúbhairt sé le na chuid fir gur bhreágh an bean a bhí ag Tighearna Bhínn Éadainn. Ní raibh sé i bhfad go dtáinig an caiptín an caiptín sa gcuan arís agus nuair chonnaic an Tíghearna an long dúbhairt sé le na bhean a theacht ar bórd acht dúbhairt sise nach d'tiocfadh. Bhé sé ag iarraidh uirthe a theacht agus ar deireadh tháinig sí agus chuir an caiptín fáilte mhór rómpa agus [thug] sé síos sa gcabán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Informant
    Pádhraic Uí Mhaoláin
    Gender
    Male
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway