School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 001
  3. XML “An Bhaintreach agus A Clann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Bhaintreabhach agus a clann.
    Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí beirt mac agus inghean aice. Chuaidh an bheirt mac aon lá amháin ag bailiú brosna agus chonnaic siad éan agus rith siad 'na dhiaidh acht níor rug siad uirthe. Chuaidh siad abhaile agus bhí a máthair ag casaoid orra faoi nár rugadar air. D'eirigh siad ar maidin lár na bhárach agus chaith siad an lá ag ritheach i ndiaidh an éin acht cinn orthu breith uirthe acht an tríomhadh lá rug siad ar an éan agus thug siad leó í abhaile agus badh ghearr a bhí sí aca gur rug sí ubh agus chuaidh an máthair ar an margaidh léí. Casadh mac rí dhí agus cheannuigh sé an ubh uaithe. D'fhiafruigh sé dí a raibh aon inghean aice agus dúbhairt sise go raibh. Dúbhairt sé annsin go bpósfadh sé an inghean dá dtugadh sé an t-éan dó. Fuair siad an t-éan agus bhí siad sásta. Tháinig sé ag iarraidh na h-inghine agus fuair sé í. Mharbhuigh siad an t-éan nuair a bhí an baineas dhá chaitheamh. Bhí an beirt mac ag an teinidh agus né dheárna duine aca acht a láimh a chur sa bpota agus an croidhe a thabhairt leis agus é íthe agus nuair leagadh a béile ag mac an rí tugadh an t-éan dó freisin agus d'fhiafruigh sé cá raibh an croidhe agus né raibh fhios ag an máthair é. Dúbhairt sé annsin nách bpósfadh sé an inghean ó thárla nách bhfuair sé an croidhe. D'imthigh chuile duine annsin agus thosaigh an mháthair ag bualadh na ngasúr agus d'ibir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Collector
    Pádhraic Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Address
    Bun Gabhla, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Flártaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    64
    Occupation
    Iascaire
    Address
    Bun Gabhla, Co. Galway