School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inisheer, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin

Filter stories

Back
/ 387 Forward
Resolution: Low | High
Pósadh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 384

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bíonn bean pósta leis an fear óg nuair tá an cleamhnas dhá dheanamh. Beidh an bhean sin ag an pósadh freisin.
Tar éis an cleamhnais a bheith déanta ní theigheann an fear ar an bhfairrge go mbeidh an pósadh déanta agus ní thagann an bhean go dtí a theach chor ar bith.
Ag dul ag an bpósadh beidh duine ag siubhal amach rompa chun an míadh a sgaoileadh uatha.
Fághann an cailin ball éadaigh ar iasacht ó dhuine éigin. Ní cuirtear é sin ar ais go ceann míosa.
Ag dul isteach sa teach tar éis an pósadh bristear cáca an phósta ar cheann an chailín.
An duine deireannach a fhágfas an bhainfheis briseann sé cupán ar an urlár.

Language
Irish