School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 375

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 375

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 375
  3. XML “Dubhailimín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ‘Tanam an diabhal sibh’ a deir sé, ‘ceard ara sibh ag braith ar a dhéanamh liom’, agus bhailigh siad leó agus níl fhios cár chomhnuigh siad leis an sgannradh a bhuail iad. Thosuigh sé annsin ag breathnú timcheall agus taobh tháll den abhainn a bhí ánn a bhí daoine ag troid agus dúbhairt sé go rachadh sé anonn ingar dóibh. Thug sé leis bád beag agus anonn leis, agus tháinic fear anuas aige. Cé a bhí ann ach ‘Dubhailimín’. Bhí an bheirt acu ag caint sgathamh beag. D’innis Mac Rí Éireann a thrioblóid dó agus bhí truaigh ag Dubhailimín dhó ach bhí fhios aige agus bhí fhios aige dá dtógadh Mac Rí Éireann agus nhí fhios aige dá dtógadh Mac Rí Éireann a pháirt go mbeadh an buadh aige sa troid. D’fhiafruigh Mac Rí Éireann dhe cén fáth a bhí leis an troid mór seo.
    ‘Tá,’ a deir sé. ’beirt atá ag troid faoí’n abhann sin tá mise ar thaobh dhuine acú agus má thógann tú mo pháirt innseocha mé dhuit cé aige atá sí. ‘Tá go maith’ a deir Mac Rí Éireann, ‘tógfaidh mé do pháirt’. Suas leó. Camain a bhí mar arm acú rug Mac Rí Éireann ar fhear acú bhuail sé igcoinne an fear eile é bhí dhá chamán annsin aige ceann ingach láimh. Dhean sé ar an bhfear ba ghoire dhó agus bhain sé an cloigeann dhe. Bhí sé mar sin ag bualadh faoí ‘gus thairis no go dtáinic sé go dtí an ceannphort sguab sé é sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Céin
    Gender
    Male
    Address
    An Formna, Co. Galway