School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 374
  3. XML “Dubhailimín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d’fhiafruigh an rí dhé cá raibh sé ag dul no ceard a thug an bealach seo é. ‘Ag iarraidh t-inghin le do thoil, ‘ ar seisean. ‘Tá sin le fághail agat agus fáilte’ arsa an rí.
    Fuair sé an t-inghin agus pósadh iad agus bhí bainis seacht n-oíche agus seacht lá acu agus an lá deireannach chomh maith leis an gcéad lá. Thug sé leis an mbean annsin le dhul abhaile agus síos leis ag an mbád agus go leór eile inéindigh leis isteach leis san mbád agus chroch sé uirrí. Ní raibh sé i bhfad ag seóladh nó gur thuit a chodhladh ar mhac Rí Éireann mar nár chodail sé néal le seachtmhain roimhe sin. Thuit sé na chodladh agus ar fhaitchíos go bhfuigheadh sé fuacht thosuigh sí ag ceangal tuighe go dlúth na thimcheall.
    Ba gearr go bhfaca an bhean bád ag déanamh uirri agus gan innte ach aon fhear amhain. Ba ghearr go raibh sé istigh san mbád aici agus nuair a chonnaic sé an fear eile rug sé air agus chaith sé na mílte san fharraige é agus d’imthigh leis fhéin agus leis an mbean. Bhí mac Rí Éireann ag imtheacht ar uachtar na fairrge mar níor thug an tuighe cead dhó a dhul síos ach é ag imtheacht le sruth is le mór fhairrge nó faoi dheire tháinic sé ar dtír. Bhí daoine ag obair cois fairrge agus fuair siad é agus dubhairt siad le chéile go mba cheart dóibh an corp a chur agus thug siad suas é go dtí an poll acht níor éirigh leó é bheith clúdaigh acu nuair dhúisigh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Céin
    Gender
    Male
    Address
    An Formna, Co. Galway