School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 370

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 370

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 370
  3. XML “Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí in Éirinn fadó agus is fadó bhí. Bhí inghnean ag an rí agus ba í an bhean ba bhreaghtha a bhí in Éirinn í. Ní raibh aon fhear in Éirinn nach raibh ag iarraidh an inghnean a phósadh agus 'sé an dlighe a dhean an rí le fear d'fhaghail dí. Dubhairt sé go dtabhairfeadh sé an inghnean do'n fhear a bfhearr a dinnseóeadh sgéal dhó. Sa gcaoí go mbeadh an sgéal chomh iongantach agus go ndéarfhadh an Rí, "Thug tú eitheach leis: Sin é an fear a ghabhfadh an ingnean uaidh agus mar a ndéarfadh an Rí "Thug tú eitheach." leis an bhfear. Bheadhan dá chluais le gearradh dhe. Bhí go leór go mhuinntir na h-Éireann fado agus bhí na cluasa gearrtha diobh ag an Rí ins an ám sin. Bhí fear bocht ánn agus dubhairt sé go rachfadh sé ag inghnean an Rí. Chuaidh sé ag an rí agus thosuigh sé ar sgéal dhó. Dubhairt sé "Bhí m'athair agus mise lá ag cur arbhuir. Bhí Éire mhór agus Éire beag lé 'cur againn agus tháinig muid geárr i gcloch arbhuir. Ní raibh aon soitheach san ám sin ag dul ó Éire go Sasana agus ní raibh fhios againn cé'n chaoi a bhfuigheadh muid an tarbhúr. Bhí sean-chapall ag m'athair agus chuaidh mé ag marchuigheacht air agus bhuail mé é. Thug sé léim as Éirinn go ndheach sé go Sasana agus cheannuigh mé an t-arbhúr agus d'eirigh sé go léim arist go ndheaca sé go h-Éire bheag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Conghaile
    Gender
    Female
    Address
    Inis Oírr, Co. Galway
    Informant
    Colm Ó Congaile
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Inis Oírr, Co. Galway