School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)
- Location:
- Inis Oírr, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Giolláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cheap sí nach seasóchadh sí níon fuide é. Chuimhnigh sí annsin ar fhear feasa a bhí ar an mbaile agus cheap sí go ngabhfhadh sí chomh fada leis.
"Níl mórán uisge istigh le na maidne," adubhairt sí. Agus caithfidh mé a dhul ag a'tobar".
Leis sin chuaidh sí amach agus dhean sí ar thigh an fhir feasa. Chuaidh sí isteach agus dínnis sí dó go raibh a teach lal le daoine aisteacha agus go raibh sí a ceapadh go marbhochaidis í mar a n=imtheochadh sí uatha.
"Bhuel", adubhairt an fear feasa, "sé an íntinn a bhí acú thú mharbhú acht is féidir leat iad a chur uait nuair a rachfhas tú abhaile. Seas taobh amuigh go'n doras nuair a ghabhfas tú suas agus béic amach ós árd:-
Tá cnoc Mí N-Lún.
Agus cnoc ós a Chionn.
Tré lasadh.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc chuaidh sí abhaile agus nuair a bhí sí ag a' doras chaith sí an buicéad uaithi ar a'talamh agus leigh sí béic mór aisti:-
Tá cnoc Mhí N-Lún.
Agus cnoc ós a Cionn.
Tré lasadh.
Nuair a d'airigh an dream istigh é sin bhíodar a béiciúcht is a sgreachail.
"Ó mo theach is mo leabadh is mo chlann,"adubhradar agus ritheadar amach. chuiadh an bean isteach annsin agus dhún sí an doras amach go maith. Ba ghearr go dtáining na cailliachaí ar(continues on next page)- Collector
- Treasa Ní Ghiolláin
- Gender
- Female
- Informant
- Onóir Ní Ghríobhtha
- Gender
- Female
- Address
- Inis Oírr, Co. Galway