School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 367

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 367

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 367
  3. XML “Cailleachaí na nAdharca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amuigh seard a bhí an duine a rádh
    Má tá cailleach na dtrí adharc istigh leigfidh sí cailleach na cheithre adharc isteach.
    D'eirigh cailleach na dtrí adharc agus d'fhosgal sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh ceithre adharc uirthi agus bhí cúpla súgan aicí. Shuidh sí síos agus ní raibh sí mórán le móiméad ina suidhe nuair a chuala sí buille ag a doras agus d'airigh sí duine a rádh: "Ma tá cailleach na ceithre adharc istigh leigfidh sí cailleach na gcúig adharc isteach."
    D'eirigh an chailleach agus bhí cuig adhairc mhóra fhada uirthi agus bhí píosa mór olain aicí. Chuir sí fúithi ar stól in aice na teine agus níor labhair sí leis an dream eile a bhí istigh agus níor labhair siad san léithe. Bhí sí tamall beag istigh agus d'airigh sí buille ag an doras agus labhair guth taobh amuigh. "Má tá cailleach na gcúig adharc istigh leigfidh sí cailleach na sé adharc isteach."
    D'eirigh cailleach na gcúig adharc agus d'fhoscail sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh sé adharc uirthi agus bhí péire charlaí aicí. Shuidh sí síos mar a dhean an dream eile ar fad no go raibh an buille ar a' doras. Bhiodar mar sin a' teacht isteach duine indhiaidh duine no go raibh dháréag acú istigh i lár an úrláir. Cuireadar a gcuid rudaí le chéile annsin agus thosuigheadar ag obair. Bhí bean a' tighe a creath le faitchíós rompa ar fad agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. hags (~139)
    Folktales index
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Ghiolláin
    Gender
    Female
    Informant
    Onóir Ní Ghríobhtha
    Gender
    Female
    Address
    Inis Oírr, Co. Galway