School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)
- Location:
- Inis Oírr, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Giolláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rí é fhaghail. An darna lá bhain sé ribe den triobal agus chuaidh sé isteach ina áit agus tharraing sé an ribe ina dhiadh. an triomhadh lá chuaidh sé isteach san áit a raibh tairghne sa crúda agus tarraing sé ar tairghne ina dhiadh. An lá seo mharbhuigh an rí an gearán ag ceapadh go raibh Art istigh ina bolg. Mar sin a dubhairt draoitheadóir. Nuair a fuair Art inthighte iad bhain sé adhaircín amach as cluais an gearáin agus bhí ola ann agus chuimil sé an ola ar theanga an gearáin agus deanadh beó beathaideach aris é. Annsin chuaidh Art isteach ag an rí agus dubhairt sé , "Muna dtubhairfidh tú t-ingnean dom cuirfidh mé do phálas síos i lár na fairrge. Annsin thug an rí a ingnean dó agus chuadar abhaile an chaoi ceadna a tháinig sé agus nuair a bhíodar ag an bpoll bhí an naomhad lá ann agus chuir Art inghnean an rí isteach sa gcliabhán agus leig sé béic agus tarraingeadh an cliabhán suas. Nuair a chonnaic Neart agus Ceart an bhean bhreag thosuigheadar ag troid futha gur mharbhuigheadar a cheile. Chuala Nóra é sin agus tháinig sí chomh fada leis an bpoll agus leig sí síos an cliabhán. Annsin tháinig Artanios agus chuaidh sé féin is Nóra agus inghnean an rí abhaile. Nuair a fuair an rí bás bhí an riogacht ag Art agus mhair sé go sásta ina dhiadh sin.
- Collector
- Treasa Ní Ghiolláin
- Gender
- Female
- Informant
- Seosaimh Ó Fláithbheartaigh
- Gender
- Male