School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 356

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 356
  3. XML “Iníon Rí faoi Thalamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí in Éirinn fadó agus is fad ó bhí agus dá mbeadh sé ann an uair sin ní bheadh sé ann anois agus bheadh sgéal maith nó droch sgéal aige. Bheul pós sé agus nuair a bhí sé trí ráithe pósta rugadh mac dó acht cailleadh an bhainriogan leis an mbreith. Tugadh art ar ainm don mhac óg agus bhí bean ag tabhairt aire dó arbh ainm dí Nóra. Annsin bhí na comhairleóiri ag cur comhairle ar an rí bean eile a phósadh agus phós sé an darna uair agus tar éis trí ráithe rugadh mac dó agus nuair a rugadh rugadh beirt mac dó agus an t-ainmneacha a tugadh orra Neart agus Ceart. D'fhás Art, Neart, agus Ceart suas ina mbuachaillí láidre agus charthidis an saogal ag fiach agus coinneargar agus bíodh an triúit in éindigh igcomnuidhe. Cheap an bainrioghan gur mó an cion a bhí ag an rí ar Art ná ar an mbeirt eile agus nuair a fuair sí an deis lá a raibh an rí imthighthe amach marbhuigh sí cú an rí agus chuir sí an milleán ar Art agus thug an rí greadadh go Art agus ba mhó a chion ar Neart agus Ceart ina dhiadh sin. Lá dá raibh an rí agus a triúir mac amuigh ag fiadhach d'airig siad an ceól ba bhreaghtha ar bhfeidir a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Ghiolláin
    Gender
    Female
    Informant
    Seosaimh Ó Fláithbheartaigh
    Gender
    Male