School: Baile Rua (Buachaillí)

Location:
Ballyroe, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Mac Crosáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0014, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0014, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Rua (Buachaillí)
  2. XML Page 024
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill ann aon úair amáin agus do caill sé a athair agus a máthair. Bhí a leas máthair ag tabairt aireadh dó. Bhí sí ann crúaidh leis. Ní bfuair sé acht beagán le'n ithe agus bhí a cuid éadaigh stróicheachta freisin. Ní leigfheadh sí é a dul ar sgoil acht ag obair go daigin sa mbaile. Achtmar sin fhéin bhí sé ann tughta dí. Rinne sé gach rud a dúbhairt sí leis. Ní leigfhead sí amach é ag deanamh spóirt leis na buachaillí eile agus am deas a béad aighe. Lá roimhe Nodlaigh chuaidh sé go dtí an seipéal ag éisteacht leis na caílíní ag amraneícht. Bhí a culaith stroicheachta agus ní raibh acht péire bróga déanta de amúidh aige. Ní raibh culaith éadaig aige chomh deas mar do bhí ag na buachaillaí eile. Nuair a bhí sé ag teacht abaile bhí sé go h-an brónach mar bhí fios aige go gcuir a leasmáthair a codhladh é gan a shuipéar agus go mbéadh ocras air. Annsin chonnaich sé buachall agus ní raibh aon bhróg aige. Chuaidh sé súas leis agus thugh sé bróg dó. Nuair a chúaidh sé abaile bhí a leasmháthair ann feargach agus dubhart sí leis a bróg eile a cuir isteach ins an gcornéíl le haghaidh San Níocláis agus go gcuirfeadh sé slat mor fada lé é a bualadh nuair a deireóchadh maidin ar na bárach. Ní bhfuair an buachaill aon rud le'n ithe nuair a bhí sé ag dul a codladh an oidhche sin. Deirigh sé go h-ann mhoch maidin ar na bárach agus do bhí sé ag paidireóracht ar fead d'á úaire. Annsin chuaidh sé síos an staighre agus ceap sé nach mbéadh sé ins an gcisteanach go deó. Nuair a chuaidh sé isteach ann chonnaich se go leór breagán agus an bróg a thug sé don buachaill eile. Nuair a chonaic sé na rudaí deasa rith sé súas an staighre agus dinnis sé a sgéal do a leasmháthair. Nuair a chonnaich sí na rudaí deasa ní nearnadh sí aon rud don buachaill bocht uaidh sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Glasán
    Gender
    Male
    Address
    Kilnalag, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Reachtagáin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kilnalag, Co. Galway