School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí go leor daoine ins an gceanntar so uair amháin. Tháinig droch-shaoghal agus scaip sé iad. Tháinig an gortach san mbliadhain míle ocht gcéad dachad is a chúig. Luigh sé go trom ar na bailte atá ins an gceanntar so. Bhí bailte ann an uair sin nach bhfuil ann anois. Ní raibh acht tuairm's seacht n-acraí talmhan ag gach feirmeór an t-am sin. Bhí na daoine an-bhocht an uair sin. D'innis m'athair go leor sgéalta faoi'n ngortach. Seo ceann aca a d'innis sé dhom.
Bhí fear ina chomhnuidhe i Leithrinn darb' ainm Seán Ó Coileáin. Bhí sé an-bhocht. Bhí sé pósta. Bhí clann aige. Bhíodar ina gcomhnuidhe leis. Ní raibh sé inann an chíos a fhághail do na tighearna talmhan. Lá amháin tháinig an tighearna talmhan. D'iarr sé an chíos air. Dubhairt an fear leis nach raibh sé aige, acht gheall sé dó go mbeadh sé aige taréis seachtmhaine. Bhí an tighearna sásta.Dhíol an fear a bhó agus a mhuca ag an aonach an lá ina dhiaidh si. Bhí sé go mall nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Tháinig gaduidhe amach roimhe, agus ghoid sé an t-airgead uaidh. D'imthigh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal da a chlann.(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Mháinnín
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Lúcás Ó Mainnín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway