School: Leithrinn

Location:
Lerhin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Labhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithrinn
  2. XML Page 250
  3. XML “Ceapadóireacht - Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    m'athair an sgéal seo dom freisin. Oidhche amháin bhí an fear seo ag siubhail tar lios. Tá an lios sin suighte i gCluinnagat. Chonnaic sé muc dhubh agus súile tré lasadh air. Sheas sé amach roimhe agus ní leigfeadh sé an fear abhaile. Bhí air dul ar ais arís, go dtí an teach a chaith sé an oidhche ann. Cuir bean an tighe a beirt mhac leis agus thug sí uisge coisrichthe dhó freisin. Chuadar go dtí an leas arís. Ní fhaca na buachaillí an muc, ach chonnaic an fear í. Bhí sruthán inaice na leasa. Do léim sé thar an sruthán agus nuair bhreathnuigh sé thart ní fhaca sé an mhuc. Chuaidh sé abhaile. Fuair sé bás tobann. Deirtear gur sguab na sidheóga leo é.
    Bhí sean caisleáin adhmaid san t-sean aimsir ins na háiteanna a bhfuil na liosanna indiú. Do chomhnuigh taoiseach na háite ins na caisleáin sin.
    Ní réabadh aon duine lios. Threab fear lios uair amháin. I lár na hoidhche tháinig na sidheóga. Bhí air an cré a shocrughadh síos arís. D'innis sé an sgéal so dom faoi'n leas atá i dTumárd. Níor bhac aon duine leis an lios sin ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an Bháird
    Gender
    Female
    Address
    Lerhin, Co. Galway
    Informant
    Padráig Mac an Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Lerhin, Co. Galway