School: Leithrinn

Location:
Lerhin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Labhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithrinn
  2. XML Page 249
  3. XML “Ceapadóireacht - Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Árdán tailimh is eadh an lios, tá sí níos áirde ná an tailimh timcheall uirrí . Níl sgeachacha ar bith ag fás timcheall na leasa. Tá trí cinn ag fás istigh ins an leas. Tá sean poll i lár na leasa. Tá sé beagnach dúnta anois. Níor fhág aon duine lámh nó láidhe ar an bpoll sin ariamh, mar bheadh faitchíos orra roimh na sidheógaibh. Comhnuigheann na coiníní ins an bpoll sin. Ní mharbhuigheann nó ní itheann na daoine iad. Tá go leór sgéalta faoi'n leas sin. Chuala mé iad ó m'athair. Seo ceann aca.
    Bhí fear amuigh oidhche amháin. Bhí sé ar chuairt. Bhí an oidhche an-dhordhca. Bhí sé go mall san oidhche nuair bhí sé ag teacht abhaile. Bhí an lios ar a bhealach. Ní bhíodh faitchíos air roimh rud ar bith. Nuair chonnaic sé comhfada leis an lios chuala sé ceól breágh. Stadh sé agus d'éist sé. Chuala sé an ceól arís. Ceol na sidheóg a bhí ann. Theastuigh uatha draoidheact a chur air agus é a tharraingt isteach. Do sgannruigh sé agus do rith sé a dhítceall. Nuair bhreathnuigh sé thart chonnaic sé go rabhadar ag teacht suas leis. Bhí abha inaice leis. Do léim sé treasna na habhann. Níl cead aca dul thar uisge san oidhche. Ní raibh siad inann greim a fhágail ar an bhfear. D'innis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an Bháird
    Gender
    Female
    Address
    Lerhin, Co. Galway
    Informant
    Padráig Mac an Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Lerhin, Co. Galway