School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gclais sin fadó. Tá sé suidhte ar árdán tailimh. Tá sé níos áirde ná na páirceanna eile. Tá sgeachacha ag fás timcheall na leasa. Níl sgeachacha ag fás istigh i lár na leasa. Tá sean-pholl ins an leas Tá sé beagnach dúnta anois. Níor fhág aon duine lámh air ariamh mar bheadh faitchíos ortha roimh na sidheógaibh. Comhnuigheann coiníní ins an leas. Ní bhacann na daoine leo, mar deirtear nach bhfuil sé ceart. Ní mharbhuigheann nó ní itheann na daoine iad, mar bhead faitchíos ortha.
D'innis m'athair go leor sgéalta dom faoi'n leas ata i dTumárd. Seo ceann aca. Bhí beirt fhear amuigh ag fiadhach fado. Bhí lios Tumárd ar a mbealach. Bhí sé go mall san oidhche nuair bhíodar ag teacht abhaile. Bhi an oidhche an-dorcha. Nuair tháinigeadar comhfada leis an lios chonnaiceadar solas. Nuair chuadar go dtí an áit a raibh sé bhí sé imthighte. Bhí cat fiadhain annsin. Bhí a shúilí agus a ruball tré lasadh. Bhí faitchíos ortha roimhe. Ritheadar abhaile. Rith an cat in ndiaidh. I gceann tamaill tháinigeadar go sruthán. Léimeadar trasna an sruthán. Bhí fhios aca nac féidir le spioradh ar bith dul thar uisge san oidhche. Bhí áthas ortha annsin mar d'fhill an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- Ahaun, Co. Galway
- Informant
- Seán Magh Fhloinn
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ahaun, Co. Galway