School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anois. Deirtear go raibh uisge annsin uair amháin. Árdan tailimh is eadh é. Tá sgeachaca ag fás ins an leas. Tá sean-poll i lár na leasa. Tá sé beagnach dúnta. Nior fhág aon duine láimh air ariamh mar bheadh faitchíos ortha roimh na sideógaibh. Comhnuigheann na coiníní ins an bpoll sin. Ni mharbhuigheann na daoine iad. D'innis m'athair go leor sgéalta dom faoin leas atá i gCluinagcat. Seo ceann aca. Oidhche amháin chuaidh fear ag imirt cartaí. Bhí sé ag teacht abhaile i lár na h-oidhche. Nuair a tháinig sé comhfada leis an leas chonnaic sé muc dubh agus a súilí tré lasadh. Sheas sé amach roimhe Ní leigfeadh sé dó dul abhaile. Rinne se a dhicheall cúpla uair act theip air. Bhí air dul arais arís. D'innis sé an sgéal dóibh. Cuir bean a' tighe a beirt mhac leis. Thug sí uisge coissichthe dó. Chuadar go dtí an leas. Chonnaic an fear an mhuc arís act ní fhaca na buachaillí é. Bhí sruthán in aice na leasa. Léimeadar thar an uisge. Nior lean an muc iad mar ní féidir le spiorad ar bith dul thar uisge san oidhche. Cúpla seachtmainí ina dhiaidh sin fuair an fear seo bás. Deirtear gur sguab na sideóga leo(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhulláin
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Mulláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway