An Scoláire:
Máire Nic an Bháird
Leithrinn
Cluinbhioráin
Maghlocha
Co Na Gaillimhe
Ainm & seoladh an té a thug an t-adhbhar so dom
Pádraig Mac An Bháird
Leithrinn
Cluinbhioráin
Maghlocha
Co. Na Gaillimhe
Ceapadóireacht 25adh-3-38
"Áit-Aimneacha"
Tá páirc againn sa mbaile. Tá móinín mar ainm uirthí. Móinfhéar an-mhaith is eadh í. Níor threabh m'athair an pháirc sin ariamh. Ní fhaca sé barraí ag fás ann ariamh. Tá sí suidhte i nGort Garbh. Tá sí ar thaobh an bhóthair.
Tá páirc eile againn. Tugaimíd gort na cruithneachtan air. Fásann cruithneacht go maith ins an ngort sin. Tá sé níos fearr ná na páirceanna
(continues on next page)