Ceapadóireacht 8adh-3-38
"Coinnle"
San sean-aimsear ní raibh lampaí ola le fagháil. Théighidís a gcodhladh le solus an lae agus d'éirighidís leis an ngréin. Taréis tamaill rinneadar coinnle agus ní tháinigeadar thar Sáile. Rinneadar iad le luachair.
Bhí fear ina chomhnuidhe i nDoirín. Rinne sé coinnle do'n ceanntar so. Ghearr na daoine an luachair. Thoghadar amach an luachair mhaith ramhar. Thugadar í go dtí an fear seo.
Phioc sé amach traithníní maithe ramhar. Bhain sé an craiceann díobh. Do thiormuigh sé cois na teineadh iad. Cheannuigh sé gréis ó na daoinibh agus ó'n mbuistéar. Do leathuigh sé í. Rinne sé iad ceithre órlaigh ar fhaid. Do leathaigh sé an gréis isteach i dtubán.
Chuimligh sé an ghréis ar na luachraibh. Sul a raibh siad fuar thóg sé iad amach. Ceangail sé iad le chéile.
(continues on next page)