School: Leithrinn

Location:
Lerhin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Labhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 169

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithrinn
  2. XML Page 169
  3. XML “Ceapadóireacht - Seanscoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar leanamhaint 11adh-2-38
    [Protastún]aigh a dhéanamh de muinntir na hÉireann. Ní raibh na Gaedheal sásta leis an méid sin. Bhí sgoileanna aca in ngan fhios dóibh. Seo í ceann aca agus an cinéal a bhí innti.
    Bhí ceann aca suidhte i Sean-áth. Bhí sé ann céad bliadhain ó shoin. Rinne na comharsanna an sean sgoil sin. Lá amháin bhailigh siad le chéile. Rinneadar na ballaí as dóib agus chuireadar ceann tuighe uirrí. Ní raibh airgid ar bith aca. Ní raibh trosgán ins an teach sin. Ní raibh ach fuinneóga beaga innti. Bhí seimné ar ceann an tighe. Ní raibh suidheacháin ar bith aca.
    Shuidheadar ar an urlár. Bhí an t-urlár glan agus tirm i gcomhnuidhe. Thuig na sgoláirí beart tuighe leo chuile lá. Do scaireadar an tuighe ar an t-urlár, agus marsin choinnigh siad é glan. Thugadar móin go dtí an sgoil gach maidin freisin. Tháinig na saighdúirí go minic. Do leag siad na sgoileanna. D'éaluigh na sgoláirí agus an muinteóir amach, agus bhí a sgoil aca ar chúl claidhe nó faoi chrann. Do mharbhuigheadar é go minic.
    Bhí na leabhra an-ghann an uair sin. Ní raibh leabhair ag aoinne ach an Máighistir. Ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an Bháird
    Gender
    Female
    Address
    Lerhin, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Mac an Bháird
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Lerhin, Co. Galway