School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithrinn
- XML Page 113
- XML “Ceapadóireacht - Pota Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint 30adh-11-37iongnadh ortha. Bhí an pota dúnta. D'osclaidear an pota. Bhí píosa óir agus óir ins an bpota. Bhí áthas orra. Choinnigheadar na rudaí. Choinnigh fear amháin an píosa óir agus choinnigh an fear eile an t-óir. Do leanadar ag obair go dtí an tráthnóna. Annsin chuadar abhaile. Bhíodar an-shásta. D'innis siad an sgéal dó na comharsannaibh. Bhí iongnadh orra freisin. Chuadar a codhladh an oidhche sin. Níor chodluigheadar. Chualadar torann ins an seómra ar feadh na hoidhche. Ní raibh faitchíos orra an chéad oidhche. Chualadar an torann céadhna trí oidche ina dhiaidh a chéile. Tháinig faitchíos orra annsin. Bhíodar bocht agus níor thaithnigh leo sgaradh leis an t-óir. Bhí faitchíos orra roimh na sidheógaibh.An cúigeadh lá bhíodar tuirse, mar ní raibh nead codhlata aca le cúig oidhche. Chuireadar an t-óir ins an bpota. Chuadar go dtí an cnoc. Thocail siad poll. Chuir siad an pota isteach ins an bpoll sin. Do dhún siad an poll arís. Tháinigeadar abhaile. Tamall ina dhiaidh sin tháinig tinneas ortha. Fuaireadar bás tobann. Deirtear gur mharbhuigh na sidheóga iad. Bhí faitchíos ortha roimh na sidheógaibh. Bhí fearg(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic an Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Mac an Bháird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway