School: Leithrinn

Location:
Lerhin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Labhradha

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
Ceapadóireacht - Pota Óir i bhFolach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ceapóireacht 17/11/1937
'Pota Óir i bhFolach'

Bhí triúr fear ag obair i bpáirc uair amháin. Tá an pháirc sin suidhte i dTumárd. Tá sí suidhte ar ísleán. Tá eolas agam ar an bpáirc sin. Is le muinntir Uí Mhainnín anois í. Tá sí cosamhail le na páirceanna eile. Níl sean-chaisleán ná sean-fhothracha innti.
An tEarrach a bhí ann. Bhíodar ag chur fataí. Ní raibh aon rud curtha ins an bpáirc sin le na blianta roimhe sin. Bhíodar ag obair go dian. I lár an lae thocaileadar amach cónra. Bhí faitchíos ortha, acht marsin féin, bhriseadar an leac. D'oscaileadar í. Bhí sí folamh. Ní fhacadar aon rud clódhbhuailte ar an gcomhrainn. Ní raibh sí lobhtha. Bhí sí tamall fada annsin, acht bhí an cónra leagtha ar an ngainimh.
Leanadar ag obair agus ba ghearr gur thógadar amach cónra eile. Bhí sí cosamhail leis an gcéad comhrainn. D'oscaileadar í. Bhí cnámha agus sean-charóg istigh ins an gcomhrainn. Bhí sí déanta de adhmad láidir. Ní raibh aon rud sgríobhtha ar an gcomhrainn.
Thosuigheadar ag obair arís agus ní fada gur bhaineadar amach

(continues on next page)
Collector
Mairéad Mc Mhainnín
Gender
female
Address
Lerhin, Co. Galway
Informant
Bean Uí Ghothraidhe
Gender
female
Address
Park West, Co. Galway
Language
Irish