School: Leitre (roll number 16164)
- Location:
- Lettera, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Reachtaire

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 078
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitre
- XML Page 078
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí ár slánuightheoir triocha is a trí bliadhna d'aois, Do chéas na Giudaigh é Aoine Chéasta. Nuair a bhí ár slánuightheoir táirnighthe ar an gcrois aca chuaidh siad abhaile. D'fhág siad an cros in a seasamh agus Íosa céasta uirrí.
Tar éis tamaill tháinig éan beag do b'éad an spideog tart. Chonnaic sé Íosa céasta ar an gcrois agus truagh mhór aige dó. "Saorfaidh mise thú, a Íosa" adeir an spideog. D'fhéach sé leis na táirní a tharraingt amach as corp Íosa le na gob. Ach bhí na táirní ró-mhór agus ró-láidir agus chinn air a dtarraingt amach. Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na tairní a tharraingt. Rinne sé iarracht agus iarracht agus iarracht agus iarracht le na dtarraingt. Cham sé a ghob ins a gcaoi sin. Nuair a bhí na táirní á dtarraingt amach chuimil sé leis an bhfuil a bhí ar lámha agus ar chosa Íosa agus d'fhan an dath dearg ar a bhrollach uaidh sin amach. Ní mharbhuigheann duinne ar bith an spideog mar bhí gradh ag ár slánuightheoir air.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Reachtaire
- Gender
- Male
- Address
- Cloonnacat, Co. Galway
- Informant
- Brian Ó Reachtaire
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Cloonnacat, Co. Galway