School: Leitre (roll number 16164)

Location:
Lettera, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 078

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 078

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitre
  2. XML Page 078
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí ár slánuightheoir triocha is a trí bliadhna d'aois, Do chéas na Giudaigh é Aoine Chéasta. Nuair a bhí ár slánuightheoir táirnighthe ar an gcrois aca chuaidh siad abhaile. D'fhág siad an cros in a seasamh agus Íosa céasta uirrí.
    Tar éis tamaill tháinig éan beag do b'éad an spideog tart. Chonnaic sé Íosa céasta ar an gcrois agus truagh mhór aige dó. "Saorfaidh mise thú, a Íosa" adeir an spideog. D'fhéach sé leis na táirní a tharraingt amach as corp Íosa le na gob. Ach bhí na táirní ró-mhór agus ró-láidir agus chinn air a dtarraingt amach. Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na tairní a tharraingt. Rinne sé iarracht agus iarracht agus iarracht agus iarracht le na dtarraingt. Cham sé a ghob ins a gcaoi sin. Nuair a bhí na táirní á dtarraingt amach chuimil sé leis an bhfuil a bhí ar lámha agus ar chosa Íosa agus d'fhan an dath dearg ar a bhrollach uaidh sin amach. Ní mharbhuigheann duinne ar bith an spideog mar bhí gradh ag ár slánuightheoir air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Reachtaire
    Gender
    Male
    Address
    Cloonnacat, Co. Galway
    Informant
    Brian Ó Reachtaire
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Cloonnacat, Co. Galway