School: Leitre (roll number 16164)
- Location:
- Lettera, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Reachtaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitre
- XML Page 077
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chualaidh siad béic. Buachaill a bhí tar éis tuitim isteach ins an loch in áit nach raibh an leac-oidhre ro-láidir. Do chuir sé aon bhéic amháin agus chuaidh sé síos go grinneall an loch. Ach chualaidh an máighistir an bhéic agus is maith a thuig sé cad ba bhun leis. Rith sé go dtí an loch chomh tapaidh a bhí sé in ann. Léim sé isteach go dtí an áit a raibh an buachaill. Rug sé greim air agus thug sé go barr an uisge é. Bhí sé beagnach marbh ar fad mar bhí an uisge fuar. Thug sé an buachaill go dtí an sgoil agus d'fhág sé in a luighe cois an teine é. Nuair a tháinig sé chuige féin i gceart chuir an máighistir abhaile é agus dubhairt sé leis dul isteach ins an leabaidh agus fanacht ann go dtí an tráthnóna. Rinne an buachaill an rud sin. Trí lá in aghaidh sin bhí sé ar sgoil arís, ach ní dheachaigh sé ag sleamhnú an lá sin ná aon lá eile ins an geimhreadh sin. Bhí faitchíos air go thuiteadh sé isteach ins an loch arís.
- Collector
- Pádraic Ó Reachtaire
- Gender
- Male
- Address
- Cloonnacat, Co. Galway
- Informant
- Brian Ó Reachtaire
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Cloonnacat, Co. Galway