School: Leitre (roll number 16164)
- Location:
- Lettera, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Reachtaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitre
- XML Page 065
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ag obair ag feiliméar, uair amháin. Cruidhteachán a b'eadh an feilméar agus ba mhór leis a n-íosfadh an buachaill. Lá amháin, bhí sé ag faire ar an mbuachaill agus é ag ithe. Dubhairt an cruidhteachán:-
"B'fhearr liom ná an baile seo, Baile an Buaille,
Goile a bheith aagam chómh maith leis an mbuachaill."
Dubhairt an buachaill leis:-
"Dá n-éireócthá ar maidin chómh maith leis an mbuachaill
An baile seo a shiubhal agus Baile na Buaille,
Tigheacht abhaile annsin agus easair a bhuaileadh
Bhéadh goile annsin agat, chómh maith leis an mbuachaill." - Bhí buachaill aimsire ag obair do mhnaoi darbh ainm dí "Maire Sheáin Liam". Bhí an bhean seo an-dhian ar an mbuachaill - chuirfeadh sí ag obair é ó dhubh go dubh agus is fíor-bheagán bídh a gheobhfadh an buachaill uaithe. Lá amháin dá raibh an buachaill ag baint arbhair le n-a chorrán, d'éirigh tuirseach de'n obair. Bhíodh sé ag feachaint gach réidh nóiméad ar aoirde na gréine sa deireadh dubhairt sé:-
"A ghrian, a ghrian an raibh tú ariamh ar aimsear,
Dá gcaithfeá ráithe sa bhliain , ag Máire Sheáin Liam,
Is tappaidh a rachfá siar i do cheanntar."