School: Leitre (roll number 16164)

Location:
Lettera, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitre
  2. XML Page 063
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a theasbáint". Theastuigh ó'n bhfear an sgáthán d'fhághail ar an nó ar éigin agus thairg sé a chuid airgid ar fad do'n mhnaoi ar a shon. Sa deire fuair sé an sgáthán agus d'imthigh sé chun bealaighe.
    Maidir leis an dara mac bhí sé ag siubhal na mbóthar go dtáinic sé go siopa ar an slighe. Chonnaic sé naipcín aithridh i bhfuinneóig an tsiopa agus chuaidh sé isteach le n-a cheannacht. Ach ní raibh bean an tsiopa sásta leis an naipcín do dhíol go réidh. "Cén difridheacht atá idir é féin agus naipcín ar bith i siopa eile" ars an dara mac. "Tá", ars bean an tsiopa "mar níl le déanamh ag duine ach an naipcín seo do sgaradh amach agus le iompódh do bhoise, tógfaí é go pé áit is mian leis". Thairg an fear a chuid airgid ar fad mar luach ar an naipcín, agus sé deire dhíol bean an tsiopa dó é. D'imthigh an fear a bhealach . Maidir leis an tríomhadh mac- bhí sé ag siubhal na mbóthar go dtáinic sé go siopa ar an mbealach. Chonnaic sé an ubhal breágh istigh ins an tsiopa agus chuaidh sé isteach le n-a cheannacht. Ní raibh bean an tsiopa sásta an t-ubhal seo do dhíol. "Cén slighe bhfuil sé éagcosamhail le ubhal ar bith eile?" ars an mac seo. "Tá" ars an bhean mar tá de buaidh ag an ubhal seo gur féidir leis duine a thabhairt ó'n mbás agus a shláinte a thabhairt dhó i n-éindighe leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0654: The Three Brothers
    Language
    Irish