School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 468

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 468

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 468
  3. XML “Mac an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaigh mac Ríogh Éireann agus a dhearbhráthair amach ag fiadhach uair sa nGeimhreadh. Níor chas rud ar bith orra ach fiach dubh. Sgaoil mac an Ríogh urchar leis an bhfiach dubh, agus mharbhuigh sé é . Thuit an t-éan anuas ar an sneachta, agus bhí an sneachta dearg le-n a chuid fola. Nuair chonnaic an dearbhráthair an dath dearg ar an sneachta dubhairt sé nach bpósfadh sé bean ar bith go deo ach bean a mbeadh a cuid gruaige chomh dubh leis an bhfiach, agus a gruadha chomh dearg leis an bhfuil a bhí ar an sneachta.
    D'imthigh sé leis annsin agus bhí sé ag siubhal is ag siubhal gur thuit an oidhche air. Fá dheire chonnaci sé solas i bhfad uaidh. Tharraing sé air agus chonnaic sé go raibh an solas i dteach beag ar thaobh an bhóthair.
    Bhuail se ar an doras. Leig muinntir an tigh isteach é agus chuireadar céad míle fáilte roimhe. D'fhan sé leo an oidhche sin. Oidhche Dé Sathairn do b'eadh é. Nuair a d'éirigh sé ar maidin chuaidh sé féin agus muinntir an tigh go dtí an séipéal. Ar shroichint an séipéal dóibh bhí fear marbh in a luighe ag an doras. Nuair a bhí na daoine ag dul isteach sa séipéal bhuail gach duine aca cos ar an bhfear marbh. 'Cé'n fáth a bhfuilid ag déanamh sin?' a deir mac an Ríogh 'Níor íoc sé a fhiacha ' a deir na daoine agus fanfaidh sé annsin go n-íocfaidh duine éigin a fhiacha dhó'. 'Íocfaidh mise dhó iad' a deir mac an Ríogh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0328: The Boy Steals the Giant's Treasure
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Maoilciaráin
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway